Beidh An Rás Mór ón bhfarraige go dtí an chathair ar siúl arís ar an 31 Bealtaine 2008.
Bhaineamar go léir an-sult as an rás an bhliain seo caite agus táimid ag súil leis an gcéad Rás Mór' eile. Anuraidh ghlac níos mó nó 400 duine páirt sa rás agus bhí réimse mór báid ann. Bhí currachaí agus naomhóga ann chomh maith le báid idirnáisiúnta. Leanfaidh an rás an cúrsa céanna ó Bhun an Tábhairne suas an Laoi go dtí an cé i gcathair Chorcaí.
Beidh Meitheal Mara ag obair le baill an phobail chun rás iontach eile a chur ar siúl arís i mbliana. Tá baint mhór ag Meitheal Mara le báid tradisiúnta na hÉireann. Cuireann siad cúrsaí traenála ar siúl chun tradisiún na mbád a choiméad agus a fhorbairt. Oibríonn siad le daoine óga, le cliantaí corparáideacha, le hinimircigh, le daltaí
scoile ,le mic léinn tríú léíbhéal agus le hiascairí ó Chontae an Chláir. Is féidir togha agus rogha de bháid thraidisiúnta a ordú ó Mheitheal Mara. Tá spéis faoi leith acu teagmháil a dhéanamh le daoine ata ag obair sa réimse seo.
Ba mhian le Naomhóga Chorcaí, club rámhaíochta atá lonnaithe i gCathair Chorcaí, fáilte is céad a chur roimh na rámhaithe agus roimh na criúnna go léir atá ag glacadh páirt sa Rás Mór 2008.
Is cúis onóir agus is cúis áthais dúinn féin leis, go bhfuil an méid san daoine as Naomhóga Chorcaí póirteach sa rás seo. Guímid gach rath ar gach éinne a bheidh ag glacadh páirt sa rás agus dar ndóigh ar gach duine a d'oibrigh go cruaidh chun an rás seo a chur ar bun.
' Ní neart go cur le chéile '